Tríd an Doras Digiteach: Seachtain na Gaeilge

Seo eagrán Sheachtain na Gaeilge de Tríd an Doras Digiteach #SnaG2023. Tá an fhéile bhliantúil seo ar siúl ón 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Chun an Ghaeilge a cheiliúradh sa cheol comhaimseartha, táimid ag cur béime ar cheol ónár leabharlann atá cumtha ag Ailís Ní Ríain, Nick Roth agus na cumadóirí ar fad atá páirteach i dTionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge.

This is the Seachtain na Gaeilge edition of Through the Digital Door #SnaG2023. This annual festival takes place from 1-17 March, with Irish language events taking place throughout Ireland and around the world. To celebrate the Irish language in contemporary music, we are highlighting music from our library composed by Ailís Ní Ríain, Nick Roth and all the composers involved in the Irish Language Art Song Project.

Eyeless

Is cumadóir Éireannach í Ailís Ní Ríain. Léiríodh a cuid oibre ar fud na hEorpa, san Iosrael, an tSeapáin, an Bhrasaíl agus na Stáit Aontaithe mar aon le craoltaí ar raidió BBC, RTÉ agus WNYC.

Chum Ní Ríain Eyeless d'amhránaí sean-nós agus cór i 2012. Ba í Béal Festival a choimisiúnaigh agus rinne Iarla Ó Lionáird agus EnsemBéal é a thaibhiú don chéad uair in Amharclann Smock Alley, Baile Átha Cliath ar 9 Samhain 2012.

Is féidir éisteacht le sliocht Eyeless ar Soundcloud:

Tosaíonn an sliocht seo ag véarsa a trí. Canann an t-aonréadaí, Iarla Ó Lionáird; "A chainteoirí briste", agus an cór ag cogarnaíl mar scáthanna a chuid focal:

An t-aistriúchán Béarla ar véarsa a trí as an sliocht:

Mhínigh Ní Ríain cad ar spreag sí chun an fhilíocht agus an ceol do Eyeless a scríobh sa Journal of Music. Dúirt sí;

It touches on ghost estates … on suicide in young people … on this new wave of emigration … In the piece I say how have YOU let that happen. I never thought the Irish were a superficial people, and I don’t believe we are, but something happened. It’s about blindness. And there’s nothing sadder than being blinded when you’re biologically not blind

Crann

Is sacsafónaí, cumadóir, léiritheoir agus oideachasóir é Nick Roth. Tá Roth ina stiúrthóir ealaíne ar an Yurodny Ensemble, ina bhall de bhunaitheoirí an Water Project agus ina chomhpháirtí ag Diatribe Records, príomhlipéad taifid neamhspleách do cheol nua in Éirinn.

Chum Roth Crann do thrí ghlór i 2020. Is suíomh ceoil é Crann ar an aistriúchán Gaeilge a rinne Gabriel Rosenstock ar an dán 'Tree' (1980) le Richard Berengarten. Ba í IMRAM Féile Litríochta Gaeilge a choimisiúnaigh an saothar agus ba iad Michelle O’Rourke, Caitríona O’Leary agus Olesya Zdorovetska a léirigh é don chéad uair ar 21 Nollaig 2021.

Is féidir éisteacht le agus féachaint ar Crann ar Youtube. Ba í Laura Hilliard a stiúraigh an scannán le fotheidil Bhéarla:

Tosaíonn Crann leis an triúr amhránaí ag canadh "Crann a cuireach im' chroí..." mar a fheicimid duilleog darach clóite ar chré fhliuch:

Na focail 'Tree' (1980) le Richard Berengarten, mar atá a chanadh sa chéad dá nóiméad de Crann:

Sa Journal of Music, scríobhann Adrian Smith faoi ghnéithe deasghnátha Crann. Deir sé;

Although dissonances are frequent, the more one gets absorbed in the piece, the more it begins to feel as if one is not listening to a contemporary work at all but rather an act of pagan worship. Particularly interesting is the way the piece makes use of a variety of vocal effects and additional sounds from various objects. Near the beginning of the setting, on the words ‘crann gíoscánach / beag beann ar thoirneach’ (‘creaking tree / enduring thunder’) the texture breaks off into pitch-less growling against the breaking of bark.

Tionscadal na nAmhrán Ealaíne Gaeilge / Irish Language Art Song Project

Tá bailiúchán fairsing ceoil scríofa i nGaeilge i leabharlann an Ionaid Cheoil Chomhaimseartha, lena n-áirítear amhráin ealaíne nuachumtha a coimisiúnaíodh do Thionscadal Amhrán Ealaíne na Gaeilge agus atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin anseo

The Contemporary Music Centre's library has an extensive collection of music written in Irish, including newly composed art songs commissioned for the Irish Language Art Song Project and available on our website here

Tá teacht anseo ar bhailiúchán de caoga amhrán ealaíne, ceol nua curtha le téacsanna Gaeilge amháin. Rinneadh coimisiúnú ar na hamhráin seo i 2019 ó chumadóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus trí mhór-aidhm in aigne againn: caidreamh a spreagadh idir chumadóirí clasaiceacha agus filí Gaeilge, cur go suntasach le canóin na n-amhrán ealaíne Gaeilge, agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun go bhféadfadh amhránaithe in Éirinn agus mórthimpeall an domhain tabhairt faoi amhrán ealaíne i nGaeilge a chanadh. Tá gach eolas atá de dhíth ón amhránaí ar fáil ins na scóir, le treoir fhuaimnithe san Aibítear Idirnáisiúnta Foghraíochta agus aistriúchán focal ar fhocal. Ina dteannta tá taifid chanta de na hamhráin agus taifid labhartha de na téacsanna. Cuirtear na scóir agus na taifid seo ar fáil saor in aisce d’úsáid neamhthráchtála amháin, faoi choinníollacha cheadúnas Creative Commons BY-NC-ND 4.0.

These new songs were commissioned in 2019 from Irish and international composers with a three-fold goal: to enliven the interaction between classical composers and Irish language poets, to make a significant contribution to the canon of Irish language art song, and to provide the resources to allow singers in Ireland and throughout the world the opportunity to sing art song in the Irish language. The music scores contain all the information a singer needs, including an International Phonetic Alphabet pronunciation guide and word-for-word English translation. They are accompanied by recordings of the songs and spoken-word recordings of the texts. These scores and audio tracks are made available free-of-charge for non-commercial use, under the terms of Creative Commons BY-NC-ND 4.0.